a
(Part Deg)

D'ith siad a mbéile, ach ní raibh an sionnach sásta fós. 🔊

"Cuireadh muid ár dtóin leis an tine", a deir an sionnach, "sa gcaoi go mbeidh a fhios againn acu an chéad duine a phléascfaidh". 🔊

Chuir siad a dtóin leis an tine, agus phléasc an lacha. 🔊

Chuir siad a dtóin leis an tine arís, agus nuair nár éirigh an timpiste chéanna d'aon cheann eile acu, bhain an sionnach greim beag ar thóin na gé agus phléasc sí. 🔊

Nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an sionnach leis an gcoileach: "Tá sé chomh maith againn a dhul isteach go dtí an púirín". 🔊

Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach , d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊

Frequency index

Alphabetical index